School: Coillíní
- Location:
- Killeen, Co. Mayo
- Teacher: Ss. Ó Roithleain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)(8) Caoch Neantóle h-agaidh bris bron ar beithidhigh é (?) a cur a bruidheach agus an súgha a thabhairt dóibh le n-ól
9) Ranach Ghálldale h-agaidh pládh na gearrabhuidhe a bhéadh ar dhuine - an ranach a sgarradh agus iad síneadh air
10) Caisearbán (Caisrúán)le h-agaidh fuil duine a ghlanadh, é a ithte mar ta sé a fás agus 'se an caoi is folláine é
11) Cupeógaí Ruaidhle h-agaidh dóig neantóga agus le h-agaidh béal bocht. An Cupóg a cuimilt do dhóig na neantóga agus a sgamall ata ar a bun a cur le do bhéal, agus tá sé go maith le h-agaidh e a chreasmhadh
12) Gárleóg le h-aghaidh péiste a bhéadh i mboilg beithidhigh agus le h-agaidh duobh (?) bolg a beadh ar duine. An Gárleóg a thabhairt le n-itthe do na beithidhigh agus an síol a bheadh ar a bharr a bhrúghadh le h-agaidh na ndaoine agus salann a cur uirthi