School: Sraith na mBannrach (roll number 3300)
- Location:
- Srahnamanragh, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Eachmharcaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sraith na mBannrach
- XML Page 17
- XML “Cearbhall Ó Dálaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí ins na Caonachaibh fad ó shoin fear a dtugadh siad Tóiní Mór Ó Dálaigh air.
Blaodhtar “Keenagh” ar na Caonachaibh anois. Tá sé in a bhaile bheag suidhte imeasg na sléibhte atá comhgarach do Cnoc Néifinn ar an taobh thiar de. Bhí triúr mac aige agus is Cearbhall a bhí ar an mac ab óige aca. Cuireadh Cearbhall go choláiste le bheith ’na shagart acht mar thosuigh sé ag ól sa gcoláiste cuireadh abhaile arís é. Nuair a tháinig sé abhaile thosuigh sé ag ól sa mbaile agus dubhairt an bheirt dearbhráthracha le na n-athair a chuid féin de shubstáint a thabhairt do Chearbhall agus “luath nó mall” a dheanamh dhi. Rinne an t-athair amhlaidh agus thosuigh Cearbhall ag ól arís. Nuair a bhí deireadh ólta aige acht ocht bpiginn déag chuaidh sé go teach an óil agus d’ól sé an méid sin.
“Tá deireadh ólta anois agam” ar seisean, “agus imtheochad béal mo chinn agus ní fhillfead go teach m’athra choidhche!”(continues on next page)- Informant
- Séamus Mac An t Saoi
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ballycroy, Co. Mayo