Scoil: Sraith na mBannrach (uimhir rolla 3300)

Suíomh:
Srahnamanragh, Co. Mayo
Múinteoir:
Mícheál Mac Eachmharcaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 85

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 85

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sraith na mBannrach
  2. XML Leathanach 85
  3. XML “Amhráin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhráin

    Tiocfaidh an Samhradh agus fásfaidh an féar

    Tiocfaidh an Samhradh agus fásfaidh an féar
    Fásfaidh an duilleabhair ar bharra na gcraobh
    Tiocfaidh mo ghrádh-sa le fáinne an lae
    Ag beidh mé abhaile leis le congnamh Dé.
    Tá an oidhche dorca agus beidh go lá
    Tuairisg mo ghádh-sa níl le fágháil
    Shiubalfainn gleanntaí, is cnuic go h-árd
    Is fear ní phósfad go bhfuighidh mé bás
    Ta teach tabhairne sa mbaile mór seo
    Áit go gcaitheadh mo stór sa corr-phunt is coróin
    Thóg sé cailín deas ar a ghlúin ann
    Is a Dhia cé’n áird orm brón.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Chléirigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Bleinkeragh, Co. Mayo
    Faisnéiseoir
    Caitlín Bean Uí Catháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    70
    Seoladh
    Doona, Co. Mayo