Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)

Suíomh:
Drumsleed, Co. Mayo
Múinteoir:
Maire, Bean Mhic Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 170

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 170

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Droimslaod
  2. XML Leathanach 170
  3. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán

    Nac agam atá an stocach

    Amhrán
    1
    Nac agam atá an stocach
    Tá mór oibre ar m'aireachas,
    Igcomhnuidhe faoi easanóir
    Is ag obair mar an Turk.
    Nuair a théighim amac ag romhar
    Is ag stroiceadh is ag deargadh
    Bhfearr liom na sraitheacha na eadan an chnuic
    2
    Bhainfeadh se poll mónadh, gróigeadh agus sgarfadh sé
    Ceol binn aigeanta a bhaineadh seisean port
    In aimsear codlata igcomhnuidhe soghmhar a rachadh sé
    Is i cósta na maidne ní éirigh as an pluid.
    Dhéanfadh sé an phiopa líonta agus deargadh
    Is aige féin go fairsing a gheobhfadh se tobach
    Bosca den snaoisín is é lán mar an canister
    Ro-deas a bhreacfadh sé an buidhe agus an geal.
    Fuair Máire Ní Léighneacháin sin óna mháthair-mhór Bean Ui Léighneachain, (77), Dúna, Baile Cruaich
    agus an ceann indiaidh sin
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Léighneacháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Léighneacháin
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    77
    Seoladh
    Doona, Co. Mayo