Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)
- Suíomh:
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Maire, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Droimslaod
- XML Leathanach 196
- XML “Cúl a' Toir”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dia Domhnaigh ní ar briathra Dé a bhínn ag cuimniú acht ag sgigeadh agus ag magadh gac aoinneach agus Corp Criostá ós mo coinne. Bfearr liom dhá chead eile annseo agus m'aghaidh ar shíon agus ar Fheartainn ná aon moiméad amháin in Ifreann na nimh-aitreacha.
- SgéalBhí rí in Éirinn fad o shoin. Bhí cailín doigheamhail d'ingean aige agus bhí righthe agus prionnsai na háite 'gá iarraidh agus ní raibh sí 'gá phósadh agus ní raibh fhios ag a h-athair cén sgéal dí. Chuaidh se go sean dall glic a bhí aige agus d'fiafruigh se dhó cé'n t-adhbhar nac bpósfadh sí iad. Dubhairt an sean dall glic leis go raibh seans go raibh sí in grádh le fear eicint. Acht bhéirfidh mé liom í ar bord na fairrge amárach agus leigfidh mé orm féin go dtuitfidh mé mo chodladh. Déanfidh sí rann annsin agus beidh fhios agam ciacu ar fairrge nó ar talamh atá sé.Bhí mait go leor agus ní raibh go holc. Nuair a thainic mór soillse lá ar na bhárach d’imthigh an seanfear glic agus ag bainrioghan óg leis ag siubhal(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál O Giontaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumha Fhearaíl, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Mícheál O Giontaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 79
- Seoladh
- Dumha Fhearaíl, Co. Mhaigh Eo