Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)
- Suíomh:
- Drumsleed, Co. Mayo
- Múinteoir: Maire, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Droimslaod
- XML Leathanach 185
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)éisteacht leis agus nuair a bhí an buachaill ag imtheacht abhaile lean an robála é.Nuair a cheap sé suas leis an buachaill dubhairt sé leis a dul ag marcaigheacht. Fuaidh sé suas ar an chapall go dtainic siad go gleann. Dubhairt an robála leis an buachaill a airgead a thabhairt dó nó go marbhochadh sé é. Léim an buachaill anuas agus chaith sé an t-airgead ar an talamh. Léim an robála ag cruinniú an airgid. Léim an buachaill ar an gcapall agus bhain sé amach. Nuair a chonnaic an feilméar ag teacht é rith sé in a airicis.
"Ara, a Sheáin, arsan feilméar, céard do rinn tú leis an bhó nó cé'n chaoi ar tionntuigh tú an bhó isteach i gcapall".
"Muise a rúin, arsan buachaill, nuair a bhí mé ag teacht an bóthar thainic robála suas liom. "Tabhair dhom do cuid airgid nó marbocainn tú" ar seisean. Léim me anuas den capall agus chaith me an t-airgead ar an talamh agus an fhaid a bhí sé ag cruinneál an airgid léim mé ar an gcapall agus bhain mé amach".
"Rinn tú go rí-maith, arsan feilméar.
Nuair a d'fosgladh an diallaid bhí fice gíní insan mála agus dhá phiostal.- Bailitheoir
- Caitlín Ní Cailín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doona, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Tomás O Cailín
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Doona, Co. Mayo