Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)
- Suíomh:
- Drumsleed, Co. Mayo
- Múinteoir: Maire, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Droimslaod
- XML Leathanach 195
- XML “Cúl a' Toir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cúl a' ToirCuireadh beirt fhear ar cúl a'Toir ag cur a mbreitheamhnas áirthe díobhtha. Bhí duine aca os cionn fiche bliadhain ann agus an duine eile ós cionn ceadh bliadhain ann. Ní raibh fhios ag ceachtar aca go raibh an duine eile ann. Rinn an fear a bhí os cionn fice bliadain ann gáire mór agus chuala an fear eile é. D'fiafruigh sé dó cé fáth a gaire.Tá, ar seisean, bhí mo bhean ag iompar cloinne nuair a d'fág mé an saoghal. Sé an duine a bhí sí ag iompar mac. Fuair sí sagart déanta dó. Léighfidh sé a chead Aifreann amárach agus béidh mé foscailte. "Go bhféacaidh Dia orm-sa, deir an fear eile, níor fágadh aon duine mo dhiaidh-sa, ar an tsaogal a dhéanfas aon guidhe orm"."Bheirfidh mise luaidheacht an Aifrinn sin duit a' dúil le Dia go léighfidh sé Aifreann le m'anam am eicint eile." Agus d'foscail Dia an Flaitheas ar an smaoineadh sin."Cuisle agus compánaigh mo chroidhe, is cosamhail gur mór na fiacha a bhí ort nuair nár shásaigh tú Dia agus tú os cionn cead bliadain annsin."Nuair a bhí mé ar an saoghal salach na mbréag ba mhaith é mo ghleas ag dul chun cruinnigh marcaigheacht ar óg-each a' léimnigh agus fleadh is féasta faoi mo coinne. Nuair a théiginn ar Aifreann(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Anna Ní Ghiontaigh
- Inscne
- Baineann