Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Caisil
- XML Leathanach 351
- XML “Eolas faoi na Francaigh a Tháinig isteach i gCuan Chill Allaidh um 1798”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Eolas faoí na bhFranncach a tháinic isteach i gCuan Chill Allaidh um 1798.Ins an am sin ní raibh salann ar bith le fághail ar an dtaobh seo go Cill Allaidh dá dteastuí sé uait. Nuair a bheadh salann a teastáil ó bhuc mór éicínt gheóbhfadh sé fear go mbeadh capall aige agus thabharfaid sé págh dhó an salann a thabhairt 'uige. Ní raibh bóthar ar bith ann an uair úd.
Do thárla go raibh salann a teastáil ó ceathrar boc mór a bhí in a gcómhnuidhe ar pharaíste na Cille Móire. B'íad an ceathrar ná
Criostóir Crúmpa, Riocárd Ó Giobúin,
Liam Elefort {?} agus Tomás Nais.
Fuair siad triúr fear déag ar pharáiste na Cille Móire, agus chuir siad síos go Cill Allaidh iad le h-aghaidh a tsalainn. Fuair siad síos leis na capaill agus ní raibh cuimhniú ar bith aca ar céard a bhí rómpa. Fuair siad isteach i dteach a' Ghabha chon croíthí a chur faoí na capaill. Bhí fhios ag a' ngabha go raibh na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Ciaráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mayo