Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Caisil
- XML Leathanach 352
- XML “Eolas faoi na Francaigh a Tháinig isteach i gCuan Chill Allaidh um 1798”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Franncaig a teacht mar beidh fhios ag gabha nách mbeidh ag aoinne eile. Chuir sé moille mór ortha.
Nuair a bhí na Franncaig gar go thalú sé an dath a chroch siad in a gcuid fleagannaí ná dath a tSasannaigh. Bhí ministéar in a chómhnuidhe gar go'n áit ar landáil siad, agus bhí ceathrar mac ag a ministéar. Bhí oiread ollghárdas ortha faoí chóir an tSasannaigh nár stop siad ariamh an ceathrar aca gur chuaidh siad amach agus ar bórd long Franncach. Agus nuair a chuaidh siad ar bord tháinic fear go na Franncaig agus labhair sé Béarla leobhtha. Ba gheárr annsin go dtáinic tuile go na Franncaigh agus thoisig siad a labhairt Frainncis le chéile, agus b'shin an uair a thuig na ministéirí óga go raibh siad san áit contráilte. Agus thuit gach fear go'n ceathrar aca i laige mur shíl siad go marbhóchadh na Franncaig iad. Chuir siad amach as a tsoitheach 'un a chladaigh iad, agus ní dheárna siad tada leóbhtha ach a ráit leóbh bailliú leóbhtha as an áit. Bhaillig 'chuile ceann dá shórt leobhtha lá'r na bhárach.
________Bhí an triúr fear déag istig leis a ngabha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Ciaráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo