Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)

Suíomh:
Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo
Múinteoir:
Nóra Ní Riagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 118

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 118

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Calraighe
  2. XML Leathanach 118
  3. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Deireann na sean-daoine nach ceart bainne a thabhairt do aon duine lá Bealtaine. Deirtear nach mbéadh aon t-im agat i gcóir na bliadhna.
    Ní ceart uisge salach a chaitheamh amach gan uisge glan a thabhairt isteach. Ualach trom trom cearc i bhfadh.
    Lá Coille, an chéad lá do'n bhliadhain nua agus tá pisreóga ag baint leis an lá sin. Deirtear má chaitheann duine éadaighe nua ar an chéad lá de'n bhliadhain nua go mbéadh éadaighe aige i gcóir na bliadhna.
    Deirtear aon duine a bhéas ag caoineadh lá Coille bhéadh sé ag caoineadh ar feadh na bliadhna sin. Deirtear freisin má bhfaghann ainmhidhe bás an chéad lá de'n bhliadhain nua go mbéadh siad a fághail bháis i gcómhair na bliadhna.
    Deirtear má séideann an ghaoth ó'n thaobh ó thuaidh go mbéadh bhliadhain an-fhuair againn. Má shéideann sé ó'n taobh thoir go mbéádh bliadhain bréag te againn.
    Deirtear freisin má bíónn tú mall ag Aifreann lá Coille go mbéadh tú mall i gcóir na bliadhna sin.
    Deirtear má leigeann tú amach aon
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge