Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)
- Suíomh:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Nóra Ní Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Calraighe
- XML Leathanach 74
- XML “An Chuigeann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá meadar againn sa mbaile. Cuinneóg an t-ainm a tugtur air. Tá sé timpeall trí troigh ar aoirde. Deineadh é timcheall ceithre bliadhain ó shoin. Lointhe, clúid, clár, an t-ainm a tugtur ar na gléiseanna.
Cuireann cuid de na daoine comhartha na croise ar chliathain na cuinneóige agus abhran daoine eile paidir.
Déantar im dá uaire sa t-seachtmhain sa tSamhradh agus aon uair amháin sa nGeimhreadh ar dé Satharn.
Má thagann stroinséir isteach tugann sé cúpla buile don chuinneóg leis an lointhe nó tarbhfadh na sidheóga é a deirtear, agus cuireann na daoine san teach sméaróid faoin chuinneóg.
An cuinneóg atá againn sa mbaile oibrightear leis an lointhe í síos agus suas.
Nuair a chiónn duine an t-im ar bharr clár na cuinnóige bíonn an cuigeann déanta.
Annsin curtar an luinthe thart go dtí go mbéad an t-im go léir le chéile.
Seo é an chaoi a togfar amach an t-im as an chuigeann. geobheann duine baisín agus fágtar inaiche na cuinneóige, annsin gheibhean siad(leanann ar an chéad leathanach eile)