Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)
- Suíomh:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo
- Múinteoir: Nóra Ní Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deireann na sean-daoine go mbíonn cistí óir i bhfolach ag daoine áirithe mar na leipracháin agus na sídheóga.Bhí gasúr ins an áit seo fadó agus ní raibh mórán ceille aige. Aon lá amháín chuaidh an gasúr amach agus chonnaic sé an firín beag bídeach faoí chrainn agus gach tic-tac aige lena chasúr. Roimhe sin chualaidh sé a athair á rádh go mbíonn potaí óir i bhfolach ag a leipreachán.Ar chaoi ar bith díarr Seán ar an leipreachán an pota óir a thabhairt dhó. Ní raibh an leipreachán sásta le sin, acht bhí sé chómh beag bídeach sin gur thóg sé ar a dhruim é. Nuair a táinig sé go dtí an áít a dubhairt an leipreachán ggo raibh an t-óír nír chuimhnigh sé ar spád a thabhairt leis. Annsin ní bheadh fhios aige cé'n áit a d'fhág sé an leipreachán nuair a thagfainn sé ar ais.Chuir sé ribín dearg ar an gcnocán chun go mbéadh fhios aige ar an áit ina raibh an t-óir. Annsin dubhairt se leis an leipreachán gan an ribín dearg a bhaint de'n(leanann ar an chéad leathanach eile)