Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)
- Suíomh:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo
- Múinteoir: Nóra Ní Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Calraighe
- XML Leathanach 14
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal: Bhí bean bocht ins an áit seo uair amháin, agus bhí alán páistí aice. Sé an slíghe bheatha a bhí aice ag díol ime. Bhí cailín mór timcheall i-seacht mbliana déag aice, Bhí a mháthair ag eirighe sean agus críona. Aon lá amháin dubhairt sí lena mháthair. Anois a mháthair, "tá tusa ag éirighe sean, agus tá mise ábalta siubhail níos feárr ná tú. Ní raibh aon focail béarla ag an gcailín seo. Dubhairt a máthair léithe an chéad fear a chasas uirthí. Déarfadh sé, "What have you there,? agus abair tusa, "Butter Sir" Annsin déarfaidh sé, 'What are you charging for it, agus abair tusa, ten pence Sir. Nuair a bhí sí ag dul an bhóthair, casadh fear uirthí agus deir sé, Good-day miss? agus deir an cailín, Butter Sir, agus deir sé, céard tá tú á rádh, agus deir sí - ten pence Sir, mar b'sin é an meid Gaedhilige a bhí aice.
- Bailitheoir
- Áine Nich an Chloinsigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seoirse Mac an Cloinsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Sgéal: Bhí bean bocht ins an áit seo uair amháin, agus bhí alán páistí aice. Sé an slíghe bheatha a bhí aice ag díol ime. Bhí cailín mór timcheall i-seacht mbliana déag aice, Bhí a mháthair ag eirighe sean agus críona. Aon lá amháin dubhairt sí lena mháthair. Anois a mháthair, "tá tusa ag éirighe sean, agus tá mise ábalta siubhail níos feárr ná tú. Ní raibh aon focail béarla ag an gcailín seo. Dubhairt a máthair léithe an chéad fear a chasas uirthí. Déarfadh sé, "What have you there,? agus abair tusa, "Butter Sir" Annsin déarfaidh sé, 'What are you charging for it, agus abair tusa, ten pence Sir. Nuair a bhí sí ag dul an bhóthair, casadh fear uirthí agus deir sé, Good-day miss? agus deir an cailín, Butter Sir, agus deir sé, céard tá tú á rádh, agus deir sí - ten pence Sir, mar b'sin é an meid Gaedhilige a bhí aice.Sgéal: Bhí fear in lonach[?] fadó. Aon lá amháin, tháinig sé ar thuras go dtí Gleanncalraighe. Nuair a bhí sé ag dul abhaile, bhí sé ag cur fearthainn go mór. Bhí sé in am mharbh na h-oidhche, agus bhí sé dorcha. Nuair a d'éirigh sé chun dul abhaile dubhairt sé leis an feaar as Gleanncalraighe, Nach uathbhásach an oidhche í ag dul amach go dtí lonach. Annsin chuaidh fear an tíghe amach go dtí(leanann ar an chéad leathanach eile)