Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)

Suíomh:
Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo
Múinteoir:
Nóra Ní Riagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 83

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 83

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Calraighe
  2. XML Leathanach 83
  3. XML “Eoghan Cóir”
  4. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nach deas é bharra na sléibhte
    Nuair a bhíonns an ghrian ag gáire ins na spéarta
    Agus gan miam ar bith san gaoth.
    Tá an bhroc i gCnocán Léine, is an sionnach ruadh préachta.
    Tá an girrfiadh ag léimnead is ag déanamh pleascad san fraoith
    Má théigeann do bhó thar theorann,
    Ní baoghal duit fear na tomharsa.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Amhrán

    Nach deas é bharra na sléibhte nuair a bhíonns

    A ogánaig óig do siubhleas an ród fagthusa
    Seód a bheadh agat mar mnaoi
    Bíonn sí lágach óg gan mairgh gan bhrón stumach go leór ar an uile sórt nidh,
    Tuigseanach ró-dheas gan iomad brón ar bith
    Seo é mo stoirín ar bfadaidh gan phinghinn
    Tá fhíos ag mo chroidhe istigh gur deachair liom imteacht,
    Gar iomdha lá somaigeach a caithfhidh ag ól,
    Nior mhait liom a bheith síor bhocht in-aice mo ghaoltha,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge