School: Cnoc Melleray (C.), Ceapach Chuinn (roll number 7311)
- Location:
- Cappoquin, Co. Waterford
- Teacher: Áine, Bean an Daltúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Tá tobar beannuighthe i Magh Deilge, cúpla míle ó Mhelleirí.”
Tá tobar beannuighthe i Mugh Deilge, cúpla míle ó Mhelleiri . Gach bliadhain bíonn 'pátrún' ann agus tugann na sluaighte chuige. Ar an gcúigeadh lá deag de Mí lughnasa a thagann siad.
Fadó riamh bhí an tobar sin suidhte ar fheirim fheirmeora protastúnaigh . Bhíodh sé ag magadh fés na daoine a thagadh chun an tobair.
Bhí capall caoch aige agus thóg sé é go dtí an tobar. leigheasadh an capall acht an mhaidin ' na dhiaidh sin bhi sé marbh. Bhí an tobar imtighthe as an bpáirc go dtí áit eile timcheall míle ó'n áit' na raibh sé. Níor fhás aon rud ' sa pháirc sin ó shoin acht féar buidhe.