Scoil: Meenacahan (uimhir rolla 6063)
- Suíomh:
- Meenacahan, Co. Donegal
- Múinteoir: Brigid, Bean Uí Eachthighearn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Meenacahan
- XML Leathanach 281
- XML “Comharthaí na hAimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a shuidheas an cat agus a cúl leis an teineadh. Ta an doineann comhgarach. Airdeann na caoraig ar an cnoc, nuair a bhios an aimsear ag teacht. Nuair a bhios loinnir na gréine ins carraigeacha, sin comhtharach boglaig. Tigh an séidean sidhe le h-athrughadh na h-aimsire. Tuiteann an suithe le h-athrughadh na h-aimsire. Nuair a bhios an ghréin ag soillsiú ar na cnuic ins an Gheimhreadh, sin comhtharach gaot mór. Nuair a bhios an gaoth ag feadalaigh ins na doirse, sin comhtharach doineann. Nuair a bhios an gréin dear gag dul a luighe oithe tráthnóna, sin comhtharach gaoth mhór. Nuair a bhios fainne if had uaith ar an gealaig doineann i ndeas duinn. Fainne i ndeas do’n gealach doineann i bhfadh uainn. Nuair a bhios na h-éanacha ag fanacht amuigh san fheartain sin comhtharac go bhfuil an fheartain le mairsteadh go cionn tamaill. Nuair a bhíos an madadh ag ithe fear agus ag ól uisge sin comhtharach boglaig. Nuair a bhíos madad gréine ar an spear sin comhtharach fearthainne. Nuair a bhíos na míltóga gear bíonn an fhearthain ag teannad orainn. Nuair a chluinfeá tuaim an chluigin go soilleur agus é i bhfadh uaith sin comhtharach sioc. Nuair a bhíos séidhead anuas ann sin comhtharach athrú ar an aimsear. Nuair a bhíos bladhair gorm ins an teanead sin comhtharach doineann. Nuair a bhíos na cearca fraoic ag teacht comhgharach do na toighthe sin comhtharach go bhfuil an aimsear gabhail a bhrisead. Nuair a bhíos tuair-ceatha ann bíonn an fheartainn comhgharach.