School: Cruach (roll number 15931)
- Location:
- Croagh, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Duibhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruach
- XML Page 104
- XML “Bás Dhomhnaill Fhalsa”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a tháinig ann damh-sa a dhul ag obair d'imthigh mé liom fríd an t-saoghal a ghaothrú mo bheatha.
Níl áit ar bith dá bhfuighinn lá oibre thall nó i bhfus nach rachainn ag obair ann. Tharlaidh uair amhjáin ar fostadh thoir ag taobh Loch Súilighe mé, ag fear a dtugadh Domhnall Fallsa mar leas-ainm air. Duine sanntach, socrailte a bhí ann. Nuair a mhian leis fhéin mórán a dhéanamh bhí sé iongantach trom ar a chuid oibridheann.
Bhíodh sinne ag oibriú ar an talamh sa lá agus ag iasgaireacht 'san oidhche. Bhí bád aige dó fhéin agus é fhéin 'na chineal de chaptain uirthí. Théidheadh sinne amach de bhéal an locha. Chuireadh sinne ár gcuid h-eangach annsin. Chaitheadh sin amach ancraí annsin agus théidheann sinn a chodladh. Bád measartha mór a bhí inntí a bhí druidte 'sa chionn agus na leapacha cóirighthe síos ar íochtar. Le breacadh an lae, thógadh sinne ár gcuid h-eangach agus bhaineadh an cuan amach. Duine cíocrach ab eadh Domhnall.
Beathach reatha ar bith a bhéadh 'san eangaigh chaithfeadh sé d'fhághail dó fhéin.
Oidhche amháin chuadhamar amach ag(continues on next page)- Collector
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Aodh O Domhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 20
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal