Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Meentanadea, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 245
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí sean bean ina chomhnuidhe, aon uair amhain, agus ní rabh aici, ach mac amháin, agus ní rabh an mac seo cliste ar chorr ar bith, agus bhí na daoine ag magadh air.”
(ar lean ón leathanach roimhe)go dtí an baile mór é le buicéid a cheannacht, agus thug sé leis luach na buicéide leis. Dhíol sé fá choinne na buicéide agus thoisigh sé ag tarraingt ar an bhaile.
Fuair sé giota ropa agus cheangail sé an buicéid agus chuaidh sé ag tarraingt na buicéide ina dhiaidh ar an bhealach mór.
Nuair a shroich sé na bhaile chuir an mháthair ceist air cén fáth nach dtóg sé an buicéid ina láimh, agus dubhairt sé go ndéanfadh sé sin an chéad t-am eile. An lá ina dhiaidh sin chuir an mháthair é go dtí teach na comharsana le asaill a fhághail, nuair a fuair sé an t-asal acht ní rabh fhios aige an dóigh leis an t-asal a thiomáint, agus chuir sé é suas ar a dhruim, agus d'iomchar sé abhaile é.
Nuair a bhí sé ag gabhail an bhealaigh. bhí teach an rí le gabhail thar(leanann ar an chéad leathanach eile)