Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)

Suíomh:
Shalwy, Co. Donegal
Múinteoir:
Pádraig M. Mac Seághain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 121

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 121

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sealbhuidhe
  2. XML Leathanach 121
  3. XML “Na Siógaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fad ó shoin thugadh na daoine isteach do mórán rudaí go mór mhór do na sidheógaí. Sin ainm eile, atá ar na daoine beaga. Onó na daoine maithe.Chreid said go rabh siad na comhnuidhe istoigh ins na carraigeacha nó comhgarach don tráigh . Deir siad go bhfuil culaidh deas dearg ar gach ceann acú. Deir siad go bhfuil hata deas dearg agus gruag catach ar gach duine acú fosda agus bíonn dath an óir ar an ghruaig. Nuair a bhíonn oidhche deas gealaighe ann bionn siad amuigh ar an léana ag damhsa agus ag gabhail cheoil. Fad o shoin nuair a bheadh siad ar bith olc le theacht trasna deir siad go mbeadh siad le cluinstin ag caoineadh sul a tharlochadh sé . Bhí teach ar an bhaile seo fad ó shoin
    agus doghadh oidhche amháin . An oidhche sin sul ar doghadh daoine ag gabháil an bhealaigh mhóir agus chualaidh siad iad ag caoineadh go brónach thart f'an teach . Bhí seanduine eile ag innse damh go bhfacaidhn sé féin iad. Bhí siad ag damhsa agus ag gabhail cheoil Bhí sé ag teacht abhaile oidhche eile agus chualaidh sé iad ag cainnt istigh ins na carraigheaxha ach dubhairt sé nach dtiocfach leis fhaghail amach caidé a bhí siad ag cainnt air.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Eigheartaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    An Chruach Bheag, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Seághan O hÉigheartaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chruach Bheag, Co. Donegal