Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Donegal
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 183
- XML “Scéal Greannmhar”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Focal as go díreach le sin mhothuigh sé an trup ag an doras isteach leis an fhear. Níor labhair an mac. "Cá bhfuil d'athair?" ars an fear a tháinic isteach. Thoisigh an mac ag feadalaighe agus níor labhair sé. "An bhfuil mó bhríste déanta aiage?" Níor labhair an mac ach lean air ag feadalaighe. "An gcluin tú mé?" ars an fear ag reathaidh suas agus ag fághail greim muinéil ar an mhac. Ach ní labhairfeadh an mac. Thoisigh sé ag síneadh a mhéir go dtí an doras a bhí idir an chisteannach agus an seomra a rabh an bheirt ag fuigheall ann. D'imthigh an fear síos go dtí an doras agus thug sé buille dó. D'fhosgail an táilliúr é. "An bhfuil mó chuid bríste déanta agat?" ars an fear. "Guc, guc, guc" ars an táilliúr agus thoisigh sé ag screadaigh. Chuaidh an fear ar mire. Chuaidh sé anonn chuig an tailliúr agus bhí sé ag dul a mharbhadh. Nuair a chonnaic bean an tailliúra seo scairt sí amach. "Ach a Andaí, a Andaí labhair leis a diabhal nó mairbhfidh sé thú." Ba é an bhean a labhair agus b'eigean dithe an teinidh a choigilt gach oidhche ó shin amach.
- Faisnéiseoir
- Pádraig
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Donegal