School: Mucros (roll number 5364)

Location:
Mucros, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Aodh Ua hEigeartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 183

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 183

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mucros
  2. XML Page 183
  3. XML “Scéal Greannmhar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Focal as go díreach le sin mhothuigh sé an trup ag an doras isteach leis an fhear. Níor labhair an mac. "Cá bhfuil d'athair?" ars an fear a tháinic isteach. Thoisigh an mac ag feadalaighe agus níor labhair sé. "An bhfuil mó bhríste déanta aiage?" Níor labhair an mac ach lean air ag feadalaighe. "An gcluin tú mé?" ars an fear ag reathaidh suas agus ag fághail greim muinéil ar an mhac. Ach ní labhairfeadh an mac. Thoisigh sé ag síneadh a mhéir go dtí an doras a bhí idir an chisteannach agus an seomra a rabh an bheirt ag fuigheall ann. D'imthigh an fear síos go dtí an doras agus thug sé buille dó. D'fhosgail an táilliúr é. "An bhfuil mó chuid bríste déanta agat?" ars an fear. "Guc, guc, guc" ars an táilliúr agus thoisigh sé ag screadaigh. Chuaidh an fear ar mire. Chuaidh sé anonn chuig an tailliúr agus bhí sé ag dul a mharbhadh. Nuair a chonnaic bean an tailliúra seo scairt sí amach. "Ach a Andaí, a Andaí labhair leis a diabhal nó mairbhfidh sé thú." Ba é an bhean a labhair agus b'eigean dithe an teinidh a choigilt gach oidhche ó shin amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    67
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall