Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Múinteoir: G.P. Pléimeann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal
- XML Leathanach 009
- XML “Seanchas fá Naomh Colm Cille”
- XML “Seanchas fá Naomh Colm Cille”
- XML “Seanchas fá Naomh Colm Cille”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Coilleadh(?) agus Cill Fhanaid, aíteacha comhnuidhthe an dá sheanóir; Gaedilgeoirí an-mhaith ar fad.
- Nuair a bhi Colmcille ag gabhail ar shiubhal go h-Albain as an ghleann seo tháinig sé fhad le baile agus chonnaic sé fir ag iasgaireacht i n-abhann agus d'iarr sé iasg ortha.
Cheil siad air go rabh iasg aca agus dubhairt Naomh Colmcille "Má tá iasg aghaibh agus iad a dhiultughadh ní bhfuighidh sibh iasg annsin aríst go bráth."- Bailitheoir
- Conall Ó Gadhra
- Inscne
- Fireann
- Lá amháin bhí Colmcille agus Naomh eile ag siubhail trasna Muramhac chonnaic siad long dá bhathadh, agus arsa Colmcille. "Is de tairbhe fear amhain olc a bheith ins an bhad sin é a bheith dá bhathadh."
"O" arsa'n Naomh eile "Ní ceart na fir eile a bheit caillte de thairbhe an fear sin."
"Bhal sin é anois agat" arsa Colmcille. Shiubhail an bheirt aca gur casadh nead beachóige ortha.
Tóg an nead sin agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Conall Ó Gadhra
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó h-Aodhacháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Ard, Co. Donegal