School: Caiseal (roll number 13055)

Location:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Teacher:
G.P. Pléimeann
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 044

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 044

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caiseal
  2. XML Page 044
  3. XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”
  4. XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus ceibí fear a rabh an t-im aige rachadh na béirinn a pholladh.
    An t-seachtmhain ina dhiaidh sin bhí maistreadh eile réid le buaileadh aca agus rinne siad mar d’iarr an bhean déirce ortha. Ní rabh siad i bhfad ag buaileadh gur mhothaigh siad an sgairteach ag an doras. Bhí fhios aca go maith cé bhí ann agus ní rabh mórán deifre ortha a leigint isteach. Nuair a leig siad isteach é d’iarr sé ortha stad a buaileadh agus go bhfuigheadh siad a gcuid ime arais. Stad siad agus bhí a gcuid im fhéin aca indhiaidh sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear ins an ghleann seo fad ó shoin agus bhíodh sé ag goid caoirigh o’n chnoc. Lá amháin nuair a bhí sé ag goid tháinig an tóir air agus theic sé. Nuair a bhí sé giota maith ar shiubhal agus nuair a shil sé go rabh sé as dáinsear shuid sé sios ar bhruach Nuair a bhí sé na luighe tamall thuit sé in a chodhladh agus ba goirid go bhfuair an fear suas leis. Leig an gaduidhe air go rabh sé i laige agus rith an fear ar an t-sagart. Ach nuair a tháinig an fear agus an t-sagart arais ní rabh an gaduidhe le feiceál agus ó an lá sin ní ba [n]? níor tugadh ainm air ach an “gaduidhe glic”. Tuairm bliadhain in a dhiaidh seo chuaidh sé ‘un faoisdine agus d’inis sé d’on t-sagart gur bhain sé rása as agus arsa an t-sagart leis. “An tusa an gaduidhe glic”. agus dubhairt an fear gur bé agus chros agus chros an sagart ar gan níos []? A ghoid. Chuaidh an fear ‘na bhaile agus níor ghoid sé níos mó
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraic Mac Loingsigh
    Gender
    Male
    Informant
    Jimmy Donnelly
    Other names
    Jimmy Donnelly (local name)
    Séamus O' Beirne
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Cill Fhathnaid, Co. Dhún na nGall