Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Múinteoir: G.P. Pléimeann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal
- XML Leathanach 019
- XML “Seanchas fá Naomh Colm Cille”
- XML “Seanchas fá Naomh Colm Cille”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Nuair a bhí Colmcille i nGleann bhí dhá Naomh eile i gCo Dhún nGall san am chéadna. Bhí Aodh Mac Breicne ag déanamh pionúis ar Sliabh Liaig. Chasadh an triúr Naomh seo ar a chéile ach'an t-seachtmhain san bhliadhain. Ach aon lá amhain nuair a casadh ar a chéile iad dubhairt Mac Breicne le Colmcille "Bhisigh tú go h-an-maith ó chonnaic mé thú aroimhe." Annsin dubhairt Colmcille nach rabh athrughadh bidh ar bith aige agus nach rabh fhios aige cáidhé a bhiseochadh é.
Nuair a tháinic Colmcille arais dubhairt sé gur dhubhairt Mac Breicne leis gur bhisigh sé go maith ó'n lá eile a connaic sé é. Annsin d'fhiafruigh sé de bhean an toighe góidé an cinéal biadh a thug sí dó an t-seachtmhain sin. Dubhairt sise go mbíodh uisge fríd an bhainne ach'an seachtmhain roimhe sin agus nár chuir si uisge ar bith fríd an t-seachtmhain sin dó.
Nuair a chualaidh Colmcille seo(leanann ar an chéad leathanach eile)