Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Múinteoir: G.P. Pléimeann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal
- XML Leathanach 020
- XML “Seanchas fá Naomh Colm Cille”
- XML “Seanchas fá Naomh Colm Cille”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chuaidh sé amach agus mharbh sé an bhó a bhí ins an bhoitheach. Ach aon lá eile nuair a bhí Colmcille ag siubhal amuigh tháinic neach chuighe agus dubhairt nach rabh sé ceart nó cóir aige an bhó sin a mharbhadh. Annsin dubhairt Colmcille - "Goidé thig liom a dhéanamh anios ar ndóighe tá an droch ghníomh déanta agam." Annsin dubhairt an neach - "Gabh abhaile agus cruinnigh na cnamha arís go mbéidh sí mar bhí sí aroimhe."
Chuaidh Colmcille abhaile agus chruinnigh sé na cnamha i gcionn a chéile ach ní thiocfadh leis cnamh na coise tosaigh a fhaghail. D'éirigh an bhó ina seasamh agus annsin chonnaic Colmcille go rabh sí bacach. Bhíodh níos mó bainne ag an bhó indhiaidh sin na bhíodh aroimhe. Annsin d'fhag sé ina bhuaidh ar achan bhó bhacaigh go mbéadh níos mó bainne aicí na bó eile. - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Úna Nic Giolla Easbuic
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cionn na Coilleadh, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Giolla Easbuic
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cionn na Coilleadh, Co. Donegal