Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Donegal
Múinteoir:
G.P. Pléimeann
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 044

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 044

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal
  2. XML Leathanach 044
  3. XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”
  4. XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Bhí fear ins an ghleann seo fad ó shoin agus bhíodh sé ag goid caoirigh o’n chnoc. Lá amháin nuair a bhí sé ag goid tháinig an tóir air agus theic sé. Nuair a bhí sé giota maith ar shiubhal agus nuair a shil sé go rabh sé as dáinsear shuid sé sios ar bhruach Nuair a bhí sé na luighe tamall thuit sé in a chodhladh agus ba goirid go bhfuair an fear suas leis. Leig an gaduidhe air go rabh sé i laige agus rith an fear ar an t-sagart. Ach nuair a tháinig an fear agus an t-sagart arais ní rabh an gaduidhe le feiceál agus ó an lá sin ní ba [n]? níor tugadh ainm air ach an “gaduidhe glic”. Tuairm bliadhain in a dhiaidh seo chuaidh sé ‘un faoisdine agus d’inis sé d’on t-sagart gur bhain sé rása as agus arsa an t-sagart leis. “An tusa an gaduidhe glic”. agus dubhairt an fear gur bé agus chros agus chros an sagart ar gan níos []? A ghoid. Chuaidh an fear ‘na bhaile agus níor ghoid sé níos mó
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.