School: An Charraig (roll number 13946)

Location:
An Charraig, Co. Donegal
Teacher:
S. Ó Beirn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 540

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 540

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Charraig
  2. XML Page 540
  3. XML “An Fear gan Trócaire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. I bhfad ó shoin bhí Prodastúin ina chómhnuidhe i nGleanncolmcille agus bhí sé an chruaidh in aghaidh na gCaitliocach agus 'sé "Fumes" an t-ainm a bhí air. Dá mbéadh bó luachmhaire ag Caitliocach ar bith, thigeadh sé 'un an toighe agus bhéareadh sé leis é. Am amháin ní raibh ag bean bhocht Chaitliocach acht aon bó luachmhaire, agus nuair a bhí "Fumes" amuigh ag seilg lá amháin chonnaic sé í agus thug leis í. Bhí dóigh bocht ar an bhean, i ndiaidh an bó a bheith caillte aici. Nuair a bhí buachaill as Ballárd ag teacht 'un an bhaile, i ndiaidh a bheith sa phortach, chualaidh sé an sgéal. Fuair sé chorrán agus cur faobhar air. Bhí fhios ag a athair agus a mháthair an áit a rabh sé ag gabhail, agus ba é in aghaidh a dtola gur leig siad é
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
    Language
    Irish
    Collector
    S. Ó Beirn
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    An Charraig, Co. Donegal
    Informant
    Cathal Ó Gádhra
    Gender
    Male
    Age
    46
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Charraig, Co. Donegal