Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)

Suíomh:
Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
Múinteoir:
Máire Nic Ceannfhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 154

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 154

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lougheraherk
  2. XML Leathanach 154
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí baintreahach mná ann aon uair amhain agus bhí trí inghean aici. Nuair a d'éirigh an inghean a ba sinse aníos in a cailín, dúirt sí lá amháin go n-imteochadh sí.

    Bhí baintreabhach mná ann aon uair amhain agus bhí trí inghean aici. Nuair a d'éirigh an inghean a ba sine aníos in a cailín, dubhairt sí lá amháin go n-imteochadh sí. Rinne an mháthair dhá thuirtín aráin, tuirtín mór agus tuirtín beag, agus nuair a bhí an inghean a ba sine ag imtheacht, dubhairt a mháthair leithe:
    [“Ciacú]? is feárr leat, an tuirtín mór agus mo mhallacht nó an tuirtín beag agus mo bheannacht?”
    “Is feárr liom an tuirtín mór agus do mhallacht” ar sise.
    D’imthigh sí agus an tuirtín mór léithe agus bhí a máthair ag mallachtaigh oirt, gur fhágh sí a h-amharc.
    Shiubhal an cailín léithe gur casadh tobar oirthi a rabh fuil ar uachtar air agus mil ar íochtar. Shuid sí síos ag ithe cuid de’n arán. Tháinig an fheannóg carrach thart agus d’fiafruigh díthe an rannadh sí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Ceannfhaola
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Giolla Chearra
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    An Srath Buí, Co. Donegal