Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)

Suíomh:
Leac Chonaill, Co. Donegal
Múinteoir:
Séamus Mac Grianna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 364

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 364

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leac Chonaill
  2. XML Leathanach 364
  3. XML “Na Ceathrar Dearthárach a Cailleadh mar Mhaithe le Croithleog Amháin Coirce”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí ceathrar deartharach ina gcomhnuidh i mbaile Leac Chonaill fad ó shoin. Bhí cuibhreann coirce ag gach fear acu do féin, agus bhí na cuibhrinn uilig ar an mhéid amháin, agus chuaigh siad i gcomhar agus bhain siad an coirce.
    Nuair a bhí an coirce bainte rann siad é mar achan darna phionann go rabh deireadh rannta go dtí pionann amháin. Ansin chuaidh siad fhad leis an tighearna talaimh agus ba é an socrú a rinn seisean an pionann a rann mar achan darna chruithleog.
    Rann siad leobhtha go raibh deireadh rannta go dtí cruithleog amháin. Chuaigh siad a fhad leis an tiarna arais agus ní rabh fhios age anois caide le deánadh. Ins an deireadh diarr sé orthu an chead lá a mbéadh tuille ins an abhainn an chruithleog a chaitheadh amach ins an uisge, agus cia bith fear a bheirfeadh isteach an chruithleog gur leis féin í.
    Lá amháin líon an abhainn go dtí na brúigh. Chaith siad amach an chruithleog. Léim an fear ba sine amach ar dtús agus chuaigh sé síos, ach ní thainic sé ar amharc ní ba mhó. Léim an dara, agus an tríomhadh, agus annsin an ceathramhadh fear i ndiaidh a chéile, agus báitheadh na ceatrar deartharach mar mhaithe le cruithleog amháin coirce. Ba iad na hainmneacha a bhí orthu, Fionn Fainne, Caoimh Cáinne, Caileach a’ Chustuim agus Eoghan an Bodach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Chuinneagain
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Domhnaill
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Seoladh
    Leirgín an Chartha, Co. Donegal