School: Leac Chonaill (roll number 14890)
- Location:
- Leac Chonaill, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Grianna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leac Chonaill
- XML Page 389
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá uaig cois fairrge comhgarach den Mhachaire ar a dtugtar an “Uaig Dhoracha.” Tá sean sgéal fá'n uaig seo i measg na ndaoine, agus seo mar a théid sé:-Ins an tsean am bhíodh píobaire ag gabháil thart fríd an tír, agus bhíodh sé ag cruinniú sgéaltach. Liam Bacach a b'ainm dó. Chuaidh sé isteach san uaig seo go bhfeicfeadh sé caidé'n fhad isteach faoi thalamh a bhí sí ag gabhail. Mar tá go fóill, bhí an Machaire an uair sin na áit mhór coiníní, agus gearrfhiadh. Choinniú an píobaire seo dhá chú, agus bhí siad leis isteach san uaig an lá seo. Tar éis dul isteach san uaig dó bhí na daoine ag éisteacht leis ag seinim, agus ba seo é an port a bhí sé da sheinm."Beidh na gamhna óga na mba móra
Sul a bpillfidh mise, Liam Bacach.
Beidh na h-uain óga ina gcaoirigh mhóra
Sul a bpillfidh mise, Liam Bacach.Bhí muinntear an Mhachaire ag éisteacht leis ag seinim ar feadh seal fhada, agus deir siad nar cluineadh a leitheid de cheol ariamh. Fa thuairim ráithche ina dhiaidh sin thainic ceann de na cona amach as uaig atá ins an roilig ghallda i nGleann Cholmcille, agus an fionnadh uilig ar shiúbhal de, ach ní thainic an píobaire bocht nó an cú eile amach go fóill. Chreid na sean daoine go rabh an uig seo lán de(continues on next page)- Collector
- Donnchadh Mac Aoidh
- Gender
- Male
- Address
- An Machaire, Co. Donegal
- Informant
- Seán Mac Aoidh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- An Machaire, Co. Donegal