School: Leac Chonaill (roll number 14890)
- Location:
- Leac Chonaill, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Grianna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí cuid den dream a thainic indiaidh na Maighdeana Mára a rabh moran eolais acu ar ghraithe draoidheachta agus pisriogachta. Bhí bean acu na comhnuidh i Leac Chonaill fa thuairim leath chéad bliadhain o shoin, a rabh Máire Níc Aoidh mar ainim oirthi- “Máire Aindreis” a bheirti oirthi thart fan chomhursanacht seo.
Cibe ar bith cineal geasrogaí a bhí aicí thiocfad leithe eallach a dheánadh tinn agus biseach a dheánadh dobhtha arais. Bhíodh sí go minic ag iarraidh bainne agus ime ar fud na comhursanachta.’ Da n-aiteachadh duine ar bith í i ngraithe bainne na ime ní bhéadh moill go mbéadh bó tinn ag an duine sin. Chuirtí fa choinne Mháire Aindreis le léigheas a dheánadh den bhó. Thiocfadh Máire agus dheánadh sí an léigheas agus ar ndóighe gheibheadh sí bainne agus im go leor annsin.
Dinnis Proinsias O’Gallachobhair damh - go ndeanaidh Dia trocaire air - fa am amháin a d’fhág sí cochan leabtha amuigh le triomadh. Thainic seisean (Proinsias) thart, agus le iomlatas thug sé leis an cochan agus chuir mar asair faoi na bhí féin é. Chruthnuigh Máire an cochan, ach dubhairt sí go mbéadh sí na seasadh ar an chochan roimh am codalta an oidhche sin.
Bhí an bhó amuigh ar an inigilt, agus trathnóna chuir Proinsias isteach í. Ní rabh sí i bhfad san bhoitheach gur bhuail tinneas í. B’éigin cur fa choinne Mháire le léigheas a dheánadh den bhó. Thainic sí sheas ar a cuid cochain féin mar dubhairt sí - ach léigheas sí an bhó.(continues on next page)- Collector
- Séamus Mac Grianna
- Gender
- Male
- Informant
- Proinsias Ó Gallachobhair
- Gender
- Male
- Age
- 90
- Address
- Leac Chonaill, Co. Donegal