Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)
- Suíomh:
- An Mullán Mór, Co. Donegal
- Múinteoir: Seosamh Ó Coilín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mullanmore
- XML Leathanach 214
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“Bliadhain mhór san taca seo”
AmhránI
Bliadhain mhór san taca seo
Ba dheas mo chulaith éadaigh
Ba ghasta lúthmhar aigeantach a dhéanfainn bean a bhréagniughadh
II
Ma súd culaith éadaigh ní dheirfinn gur leat fhéin é
Ní rabh sé ar do chraiceann
Go rabh fear an tsiopa ag éileamh
III
Dhíol tú mo chuid eallaigh
Le sin as le tuilleadh réidhteach
D'fhág tú ar an fhanas mé
Gan snaithe oidhche na lae orm
IV
Gluin sibh mise, bhuachaillí
Méid agaibh tá gan pósadh
Na sanntaigh na giobogaí
Mar tá sé gheall air a bheith gan bó leat
V
Is feárr díobh bothar glan a bheith agaibh
Pilleadh abhaile de thráthnóna
Na luaithre bhuidhe na seachtmhaine
A chur amach Dia Domhnaigh
VI
Gluin sibh mise chailíní méid agaibh tá gan poasadh
Na sanntaigh na scafoirí
Ar fheabhas mar bhíonn siad cóirighthe
Na scraistí buidhe na poiteóirí.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brígid Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Srath Salach, Co. Donegal