Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)
- Suíomh:
- An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Coilín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Is glas iad na cnuic i bhfad uainn acht mas glas ní féarach.
2. Is féarr go mall na go bráthach.
3. Coinnigh rud seacht mbliadhna agus gheobhaidh tú uasaid dó.
4. Na caith amach an t-uisge salach go dtabharfaidh isteach an t-uisge glan.
5. Ceó ar abhainn, soinneann;
Ceó ar chnoc, doineann.
6. Greim ar ruball rasgoine
7. Ná cuir do bhó go Gleann Éinigh ná go Gleann fhinne
8. Ce bith áit a bhfágfaidh Samhain a ghaoth beidh sí ann go cionn ráithe.
9. Má bhfuil agat acht boc gabhair bí i lár an mhargaidh leis.
10. Ag cuartughadh oibre agus ag seachnadh oibre.
11. An té atá shuas óltar deoch air,
An té tá shíos buailtear cos air.
12. Is bocht an sagart nach mbíonn cléireach aige.
13. D'ólfadh sé an chros de'n asal.
14. An té nach n-ólann acht uisge ní bhéidh sé ar meisge.
15. Cuireadh an stucaire.
16. Cuir síoda ar ghabhar is gabhar é.
17. Dhá rud a dtig athrú na ndiaidh i gcomhnuidhe é: bás agus pósadh.
18. Is maith an t-annlan an t-ocras.
19. Is feárr éan ann do láimh ná beirt ar an chrann.
20. Bheir an madadh ruadh faer dá bhocaigh féin.
21. Tá ansaoghal ag dul thart ar rothaí.
22. Is binn béal na thost.
23. Nuair a bhíos an cat ar shiúbhal bíonn cead rith ag na luchógaí.
24. Ní thig olann a bhaint de ghabhar.(leanann ar an chéad leathanach eile)