Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)
- Suíomh:
- An Mullán Mór, Co. Donegal
- Múinteoir: Seosamh Ó Coilín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mullanmore
- XML Leathanach 216
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“D'éirigh mé amach fa na h-áirde go mbreathnuighinn thart uaim an spéir”
D'imthigh mé amach fa na h-áirde go mbreathnuighinn thart uaim an spéir
Chuaidh mé thart síos fa na h-oileánin ar ruaide
Mar eilit is cú na diaidh
Casadh liomsa an bhean óg is ma casadh sí labhair go géur
Chonnaic mé bean astír mór indhé ag imtheacht gan bhróg gan chéib
Cé measam gur tusa an fear óg a rabh sí sa tóir na dhiaidh
Ní fear den t-seort sin mé
Is ma n-áirdigh tú anall de mo chóir agus stad dé do ghlorthaí béil
Rachaidh os coinne mo shróin amach as tír mór de léim
Shuidh sise anonn de mo chóir sé d'fhiafruigh an óíg bhean díom
Ce h-áit a bhfuil tú do chomhnuidhe nó an gcoinnigheann tú cró duit fhéin
Bímse seal ag an ól is ní dhéanaim lón den phighinn
Acht an méid a shaothruighim sa lá caithim le spórt san oidhche
Ma's fear tú a leanas don ól ní molaim go mór do cheird
Is fearr dúinn fuireacht go fóill go ndeanfaimid lón araon
Le sinne fuireacht go fóill caithfear cuid mhór dar saoghal
Is fearr dúinn posadh go h-óg is béidh cuidiú os ar gcoir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tArd Donn, Co. Donegal