Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)

Suíomh:
An Mullán Mór, Co. Donegal
Múinteoir:
Seosamh Ó Coilín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 217

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 217

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mullanmore
  2. XML Leathanach 217
  3. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán (ar lean)

    D'éirigh mé amach fa na h-áirde go mbreathnuighinn thart uaim an spéir

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Le sinne posadh go h-óg béimid gan dóigh san tsaoghal arís
    Lean thusa mise sa rod is ní bhíódh ort pinghinn a dhíol
    Da leanainnse tusa sa ród ba ghoirid go dtógfa díom
    Cúrsa ag imirt 's ag ól ní dhéanfaidis lón den phinghinn
    Acht lean thusa mise sa ród is dheanfamuid lón araon
    Sé d'fhiafruigh mé fhéin den mhnaoi óig an rabh fhios aicí áit ar sa tír a bhfuighinn gloinne le h-ól
    Tógfaidh an brón seo díom
    Tá teach beag ar imeall an róíd agus coinnighean sí i gcomhnuidhe braon
    Téidh tusa gus rap ar an bhórd agus díolfaidh do sgór mé fhéin
    NUair a chaith mé seal don ól sé mheas mé gur chóir domh díol
    le h-eagla go dtiocfadh an cóir go mbainfeadh an t-óg bhean díóm
    Sé dubhairt sise béidh tusa ag dul cheoil as ní thiocfaidh ort phinghinn a dhíól
    Níor b'fhada bhí mise ag dul cheoil gur chruinnigh an t-aos óg un toighe
    Achan duine agus gloinne na dhorn bórd le comoradh tabhairt don dís
    Bhí biotailte fairsing go leór ann agus beagan de ól san tír
    Da ndíolfainnse galún Uí Dhomhnaill ní thiocfadh orm pinghinn a dhíol
    Ní fhaca a leithead den óig bhean i mbaile no i dtír ariamh
    Is dá bhfeicfinn Malann na móire gheobhainn cailíní óga ar phinghinn.
    Séamus Ó Gallchobhair, Árd Donn, Na Gleanntaí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An tArd Donn, Co. Donegal