Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)

Suíomh:
An tÉadan Anfach, Co. Donegal
Múinteoir:
Gráinne Ní Éagrain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 421

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 421

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Éadan Anfaidh
  2. XML Leathanach 421
  3. XML “Seanmóir na nAithreach Naofa”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Níor mhaitigh sí clocha na mboithre da gortadh
    Go rabh sí san áit a rabh na gárdai d'á socradh.
    "A Eóin, a rúin," ars sise, "agus í ar láimh leis
    Cé siúd thuas i gcrann na Páise?"
    "Ó! Mháthair ó! nó nach n-aithnigheann tú mise,
    Ó! Mhathair ó! is maith aithnighim'se thusa,
    'S iomdha oidhche fhada agus lá tuirseach
    A shiubhal tú 'n saoghal liom, 's Mé gan bhrígh gan mhisnigh
    Mé diúl do chíoch 'smo cheann ann do ascail,
    'Stú ag iarraidh Mé shábhail ar an Pháis atá Mé indiu 'fhuillstean."
    "'Sdoiligh damhsa mo leanbh a aithne,
    A shrón briste, agus a bhéal stróctha
    Agus an cnoc seo uilig lán d'á cuid fola,"
    "Ó! Mháthair ó! na gol go cráidhte, gheóbhaidh tú cuideadh ó'n Athair Neamhdha
    Níl a'n nduine d'á ngolfaidh a'n ndeór fa mo Pháis 'se,
    Na bhfuigh a chuid de'n Cathair Neamhdha.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gráinne Ní Éagrain
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Proinnsias Ó hÉaghrain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    88
    Gairm bheatha
    Táilliúir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Mín an Duáin, Co. Donegal