Scoil: Béal an Átha Móir (uimhir rolla 10105)
- Suíomh:
- Béal an Átha Móir, Co. Donegal
- Múinteoir: Mícheal Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí rí ann aon uair amháin agus thug sé cuireadh dó na Fiannaibh a theacht chuig féasta a bhí aige. Tháinig na Fianna go caisleán an ríogh agus nuair a chuaidh siad isteach bhí tábla bréagh i lár an toighe agus cuid mhór cathaoireach thart fa dtaobh de. Bhí cathaoir do’n iomlan acu acht fear amhain agus sin an fear a ba lugha. B’eigean dó-san suidhe ar an urlár.
Sul a shuidh siad síos chróch siad a gcuid claidhimhte ar an bhalla, shuidh siad síos agus d’ith siad agus d’ól siad a sáith. Nuair a bhí siad réidh thug siad iarraidh éirghe ach ní rabh siad ábalta mar bhí siad greamuighthe de na cathaoireacha agus an fear a bhí ar an úrlár bhí seisean greamuighthe fosta.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Mhathghamhna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na Finne, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Guill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Leac Dubh, Co. Donegal