Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)
- Suíomh:
- Doire Sheanaigh, Co. Donegal
- Múinteoir: M. Ní Amhalaghaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Comharthaí SoininneBíonn bun na spéire thiar dearg, bíonn neart réaltóga ar an spéir. Bíonn an tríona ag ceol in a dhóigh shimplí fhéin. Bíonn na fáinleoige, agus na héin uilig ag comh-eitilt go híseal ar an spéir, agus ní bhíonn an ghealach báite. Soilsíonn sí go gléigeal. Bíonn an lán mara ag snigheadh go ciúin, socar, suimhneach.Bíonn ruileann ar an lán mara. Tuar ceatha san oíche san aghaidh, sin aimsir mhaith ina dhiaidh.Nuair a bhíos an mhíoltóg-leathar ag gabháil fá na tithe.Bíonn na cróta ag screadaigh síos fán fharraige. Siad seo uilig comharthaí na deá-aimsire.Comharthaí DoininneBíonn an bó dá craitheadh féin ar a cuid soilí. Bíonn feadóg - cruach ar Shliabh Shneachta (sin leath tuar ceatha).Nuair bheas na Gaedhaine Fiadhna ag teacht as na h-áiteacha iarghultacha.
Bíonn seacht réaltóga ar an spéir, triúir, agus ceathrar, ós a gcoinne amach.Bíonn an ghealach báite agus corruair fáinne uirthi . Bíonn séideadh anuas ann, agus bíonn an-theas as an ghríosaigh.(leanann ar an chéad leathanach eile)