Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)
- Suíomh:
- Doire Sheanaigh, Co. Donegal
- Múinteoir: M. Ní Amhalaghaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Thanaidhe
- XML Leathanach 067
- XML “Pósadh”
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)rachadh fidealóir nó piobaire rompa go toigh an phobail. Bó é an “piobaire mór” Toirdhealbhach Mac Suibhne a bheadh le daoiní Doire-Leac-Conaill an tam sin agus piobaire ar fheabhas a bhí ann no bhuail se amach an piobaire a b’fearr in Albáin. Ní bheadh fáinne ór no fainne airgid ar ná mná an uair sin ní bheadh acu ach f’eochar an dorais thuas ar a mear acu.
Bheadh bainis mhór acu i dtigh na mna an oidhche sin bhí an poitín fairsing an tam sin agus d’iosfadh siad agus d’olfadh siad agus dhamhsadh siad go dtiocfadh coinfheascar an lae lá thar na bharach. An oidhche Dhomhnaigh ‘na diaidh sin arais. Bheadh cruinnuighadh eile i dtigh na mná “Bun Bhalcaidh” a bheirfidhe air. - Deanamh Coinnle.
Bfurust solas a fhaghail do na daoiní i bfadh o shoin deanfadh siad fhein é agus seo mhar gnidhfidhe é. Bó ghnathach leobhtha feaga a chruinniughadh agus an geal a bhaint asta. Annsin chuirfeadh siad giota geireach agus im úr frid. Mheasgadh siad suas le cheile iad agus gheobhadh siad bata beag agus bhainfeadh siad an croidhe as annsin chuirfeadh siad an rud isteach ann. Chuirfeadh lasóg air agus annsin beadh sgaith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Anna Nic Gaoithin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70