Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)
- Suíomh:
- Doire Sheanaigh, Co. Donegal
- Múinteoir: M. Ní Amhalaghaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Thanaidhe
- XML Leathanach 102
- XML “Préataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Preataí.
Fástar preataí ar gach feirm san cheanntar seo. Tá saothar mór leobhtha agus muna ghlactar saothar leobhtha ní bheidh siad maith. Ní bheidh ionnta ach sgeidíní nach mblasfadh muc no madadh, agus is maith leis na daoine preataí bréaghtha, móra a bheith acu nidh nach iongnadh.
Pioctar na preataí a bhfuil súile ionnta an chead uair agus annsin sgoiltear iad “Sgoiltean” a bheirtear ar an phairt a bhfuil súil ann agus “langan” a bheirtear ar an phairt na bhfuil. Cuirtear na sgoilteain deich dtroighthe ó chéile Cuirtear iad san (Fhoghmhair) Earrach mar a deir an sean fhocal “An té nach gcuireann san Earrach ní bhainfidh sé san Fhoghmhar”. Corr uair tugeann aicid ortha. Tá dá cineal aicide ann “An aicid dhubh” agus an aicid bhan”. Sí an “aicid dubh” an aicid is measa. Ma thig an “Aicid dhubh” ortha go luath ní fhasfaidh siad níos mo. Ach ma chuirtear an cloch ghorm ortha congbhochaidh se(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Theachláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Sinead Ní Theachláin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Donegal