Scoil: Acres (uimhir rolla 10827)

Suíomh:
Na hAcraí, Co. Donegal
Múinteoir:
Eilis Ní Dhomhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 73

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 73

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Acres
  2. XML Leathanach 73
  3. XML “Trí Bladhairí Solais”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Trí Bladhairí Solas.
    Lá amháin bhí fuireann báid ag teacht abhaile ó’n Sligeach. Bhí fear amháin ins an bhád darbh ainm Seán, a bhí posta agus a rabh triúr cloinne aige. Ar an bhealach abhaile agus iad i bhfad amuigh ar an fhairrge mhóir chonnaic Seán trí bladhairí solas, dá cheann acu bán, agus ceann acu glas. Scannruigh Seán agus dubhairt sé leis ná fir eile go rabh rud eighinteacht ceárr sa bhaile. Dubhairt ná fir nach rabh sé ceart a bhéith ag tabhairt aire do rudaímar sin. Sa deireadh shroich siad an baile agus bhí a theach leagtha ar an talamh agus triúr de a phaistí marbh. Thoisigh Seán bocht ag caoineadh agus dubhairt sé, “seo iad ná trí bladhairí solas a chonnaic mé nuair a bhí mé amuigh ar an fhairrge. An dá bhladhar bhán a chonnaic mé, sin iad an bheirt de mo chloinn a glanadh ó’n peacaidh geineamhna le sacrament an bhaistidh, agus an bladhar glas a chonnaic mé, sin í anam an leinbh nár baisteadh í.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighread Ní Dhochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    11
    Seoladh
    Ailt an Chorráin, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Dhochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    52
    Seoladh
    Ailt an Chorráin, Co. Donegal