Scoil: Leitir

Suíomh:
Templecrone, Co. Donegal
Múinteoir:
Proinsias Ó hEachaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 180

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 180

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 180
  3. XML “Scéal a Trí”
  4. XML “Scéal a 4”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal a Trí (ar lean)

    Bhí sagart ann am amháin agus bhí sé i n-a chomhnuidhe i Leitir Ceanainn. Ba ghnáthach leis uisce beatha a ól.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a bhí an tAifreann thart dubhairt sé leis an cléireach. “Mise an sagart a fuair bás bliadhain o shoin agus fuair mé rud mór airgead le Aifreann a leigheadh”. “Bhí Aifreann amháin le léigheadh agam agus seo é an Aifreann.
    Nuair a bhí sé ag dul ar shiubhal dubhairt sé. “Go bhfóiridh Dia ormsa ma tá agam dul an bealach ceadhna arais. D’imthigh sé as amharc.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal a 4

    Bhí fear ann ám amháin agus lá amháin bhí sé thíos ag bun an t-sruthain. Ní rabh teine ar bith ag a muinntir sa bhaile.

    Sgéal a 4.
    Bhí fear ann ám amháin agus lá amháin bhí sé thíos ag bun an t-sruthain. Ní rabh teine ar bhith ag a muinntir sa bhaile.
    Chuaidh sé suas ar chrann iontach mór a bhí ann. Nuair a bhí sé shuas d’éirigh an ghaoth. Strocadh a bhearad a chota agus a chuid brístí. Ní rabh snáithe fágtha air acht an léine agus na sean bróga.
    Nuair a bhí sé ag teacht anuas de’n chrann shíl sé go rabh an fhairrge thíos faoi. Cibé ar bith thug sé léim anuas agus ní rabh uige ar bith faoi. Chuaidh sé ‘un n-a bhaile agus nuáir a mhusgáil se ar maidín bhí a aghaidh tíonn-
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Laodhóg
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Brian Mac Cáilín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    53
    Gairm bheatha
    Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Mhic an Bhaird, Co. Donegal