School: Loch an Iubhair (roll number 16829)
- Location:
- Loch an Iúir, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Eachtra chlann ríogh na hioruaidhe.Bhí rí a’n uair amháin ‘san Ioruaidh, agus bhí triúr mac aige. Ba é an t-ainm a bhí orthú Cod, Cead, agus Míchead.
D’éirigh siad lá amháin amach ins an Ioruaidh a sheilg agus tháinic teas mór orthú. Bhí siad a chois na fairrge agus b’éigean dóbhtha éirigh suas ar an chnoc a bhí os gcionn le teas. Thúsuigh siad a chainnt air Éirinn. Shocruigh siad sa deireadh imtheacht go h-Éirinn [Iiel]? an tír sin a bhainnt amach agus a rionnt ‘na trí rannaibh. I lár an chomhráidhe ‘tchí siad an soitheach chuca ag tarraingt á’n fhairrge isteach ‘na trí crainn thárnochta.
“Anois” arsa Cod leis an bheirt éile “gabhaidh ibhse chun na bhaile agus béidh mé fhéin libh amach ar maidin lá thar n-a bhárach arais; agus fuireochaidh mise annseo go bhfeicidh mé goidé an soitheach í sin.”
Sheasuigh sé an talamh. Chonnaic sé chuige ag tarraingt air í; agus goidé a bhí ann acht curach agus bean uasal óg ‘na(continues on next page)- Collector
- Proinnsias Óg Mac Grianna
- Gender
- Male
- Informant
- Proinnsias Mac Grianna
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal