Scoil: Bun an Inbhir (uimhir rolla 5166)

Suíomh:
Bun an Inbhir, Co. Donegal
Múinteoir:
Eoghan Mac Pháidín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 146

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 146

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Bun an Inbhir
  2. XML Leathanach 146
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal
    Bhí fear ann a’n uair amháin ar b’ainm dó Eamon ‘Ach Fionngaile as an Bheartaigh Machtaraigh. Bhí sean chapall beag bán aige. Lá amháin bhí tórramh thoir i nGort An Choirce. Cuir sé an capall ar téad amuigh san pháirc agus d’imthigh sé soir ‘un an Tórraimh. Chuaidh sé ar [meisge]? an oidhche sin agus luigh sé thoir go maidín.
    Bhí sé ag plúchadh shneachta an oidhche sin agus bhí an capall ar téad amuigh sa pháirc rith na h-oidhche. Nuair a thainig sé anoir ar maidín bhí an capall marbh. Thug sé amach casúr agus sgian agus bhain sé na cruicheacha agus an croiceann [dí]? Chuaidh sé go dtí an gabha agus diarr sé air claidheamh a dhéanamh dó, agus rinne an gabha mar d’iarr sé air.
    Nuair a bhí an claidheamh deánta d’imthigh sé amach soir go Gort An Choirce arís agus bhí daoiní ag geárradh [leám]? árd annsin. Léim fear aca agus thuith sé amach san díg. Léim Éamon síos na mhullach agus marbh sé é. lean an chuid eile é giota agus chuaidh sé amach soir giota eile. Bhí daoiní annsin ag cátamh cloch urchair Caith Éamon cloch. Bhí sean-dhuine ag urnaigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1088: Eating Contest
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    E. Mac Pháidín
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Pádraig Mac Éadaigh
    Seoladh
    An Ghlaisigh, Co. Donegal