Scoil: Bun an Inbhir (uimhir rolla 5166)
- Suíomh:
- Bun an Inbhir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Pháidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bun an Inbhir
- XML Leathanach 116
- XML “Urnaí”
- XML “Urnaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- UrnaighCrios Mhuire mo Chrios. Crios na gceithre gCros
Crios ar a rugadh Iosa, a Íosa mhín-mhilis deán trocaire orm.
Éirigh a máthair agus tabhair tártháil ar an mhnaoí
Éirigh féin a mhic as tú is féarr
Baist leanbh agus fág an mhnaoí slán
Níl a’n nduine i ndeirfidh an urnaigh seo uair a’c a’n lá
Nach bfeicfidh an Mhaigdeán Mhuire naoí lá roimh a bha’s- Bailitheoir
- Eoghan Mac Phaidín
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Nábla Nic Giolla Chómgaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Bun an Inbhir, Co. Dhún na nGall
- "Urnaigh"Triúr a thainig isteach - Peadar, Muire agus Íosa. Anna máthair Muire agus Muire máthair Íosa.
Iad sin uilig go rabh idir muid agus Fiabhras gus Aicideachca na leabtha.
Thainig Iosa go bun na Croiche indiaidh ar chur sé agus ar threabhaidh sé.
D'fhiafruigh na h-Iúdaí dó, bhfuil fiabhras ort nó creachtha.
Dubhairt sé - Níl fiabhras orm no creachtha acht an té a chloinn mo chuid focal.
A congbuigeas (choinneos?) a gcuimhne iad no a sgríobhas.
Fiabhras creachtha no aicideacha na leabtha ní bhéidh ortha anois no go bráthach tré saoghal na saoghal, Amen.