Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)

Suíomh:
Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
Múinteoir:
Seosamh Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 071

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 071

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc an Stolaire
  2. XML Leathanach 071
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí rí 7 báinríoghan ann uair amháin araibh beirt mhac aca darbh ainm daobhtha Tadhg 7 Brian, 7 níl fhios goidé an meas abhí acu ar na mic sin.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    fhad leis an doras agus bhuail sé buille air. D'fhosgail an t-sheanbhean an doras agus d'iarr sí air a theacht isteach. Tharraing sí ribe as a ceann agus d'iarr air an capall a cheangal, ach chaith Tadhg ar shiubhal an ribe. Rinne sé an cleas ceadna leis an ribe a fuair sé leis an chú a cheangal, agus leis an chlaidhimh abhí leis a cheangal ar an bhalla.
    Shuidh siad na mbeirt ag an teinidh, duine ar achan taobh agus thoisigh an t-sheanbhean ag cur cáir uirthí. Sgannraigh Tadhg agus thug sé iarraidh ar a chlaidhimh. D'iarr an t-sheanbhean ar an ribe teannadh ar an chlaidhimh, ach ní raibh ribe ar bith uirthí le teannadh agus thóg Brian anuas í. Fuair sé greim sgadaman ar an t-sheabmhnaoi agus bhí sé dul a' stealladh an chloigeann díthe, nuair a sgairt sí leis go n-innseochadh sí don ca raibh a dhearbharhair da leigeadh sé amach í. Leig Tadhg amach í ach choinnbhuigh sé súil ghéar uirthí i rith an ama. Fuair sise slat draoidheachta agus rinne cúpla comhartha leis agus gan mhoill bhí Brian agus an capall agus an chú 'na seasamh rompa. D'imthigh an dá dhearbhrathar na bhaile agus níl fhios goide an lúthghair abhí ar an rígh agus an bhanrioghan.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Nóra Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    19
    Seoladh
    An Bun Beag, Co. Donegal