Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- POLL an LEACHTASin poll doimhin atá í Machaire-Chlochair thíos ag taobh na trágha agus thig an lán-mara isteach ann. Is cosamhail gur báitheadh fear sa pholl seó blianta fada o shoin. Cuireadh é ag taoibh an phoill agus tógadh leacht os a chionn. Sé sin an dóigh abhfhuair an áit an t-ainm "Poll-A'-Leachta. Tá'n leacht le feiceail go soiléir go foill.
TEACH na STILLESin áit atá thíos cois a' chladaigh Mhachaire Chlochair. Ba ghnáthach le teach beaga abheith ann fado shoin agus bhíodh na daoine ag deanamh poitín ann agus mar sin a báisteadh an t-ainm ar an áit.
BINN an BHRUGHUINSin binn atá cois a' chladaigh deas do'n Bhunbheag. Ba ghnáthach le cuid mhór sídheogaí abheith na gcomhnuidhe faoi'n bhinn seó agus bheádh siad igcomhnuidhe ag troid agus ag bruighuin eatorra féin. Sin an dóigh a bhfuair an áit an t-ainm sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)