Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)

Suíomh:
Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
Múinteoir:
Seosamh Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 114

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 114

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc an Stolaire
  2. XML Leathanach 114
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    D'imthigh Seumas Mac Suibhne as a bhaile seo go Merioca a shaothradh a choda fad o shoin agus dalta go leor da chineal, táisg nó tuairisge ní bhfuaireas uaidh go ceann fada na dhiaidh sin.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    comráduidhe domhsa na dhlígheadóir agus béidh se liom anseo chugat mbárach go socreocaidhe muid na gnaithe. Rinne a dochtur agus an dlígheadóir amach eatorra fhéin an tráthnóna sin pighin mhaith do'n airgead bhaint do. Chuaidh siad isteach i seomra an othair agus indiaidh tamall cómhraidh dubhairt an dochtuir go raibh sé go maith aca toiseacht agus an obair bheag bhí idir lámha acu a fhígalt socair. Caidé do pháighe sa arsa an t-othar leis an dochtuir "Ó ní bheidh mise ro chruaidh ort. Déanfaidh céad púnt go leor" arsa seisean Thug Seumas sin do. Caidé do páighe-sa anois arsa seisean leis an dlígheadóir "creidim go ndeánfaidh páighe an dochtura mo sháith-sa fosta" arsa seisean "ní bheidh mé ro dhaor leat siocar gur carad ana mhór an dochtur anseo" Bhí go maith nuair a bhí siadson díolta d'iarr Seumas ortha leitir a sgríobh chuig a mháthair go h-Éirinn agus an chuid eile do'n airgead chur chuicí. Shuidhe an dligheadóir síos agus tharraing chuige peann agus páipear "Caide déarfas mé léithe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní g Cionnlaoi
    Inscne
    Baineann
    Aois
    68
    Seoladh
    An Bun Beag, Co. Donegal