School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc an Stolaire
- XML Page 150
- XML “An Cailín Aimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Cailín AimsireBhí beirt chailín ann aon uair amháin agus teach breágh aca díobhtha fhéin. Súl a bhfuair a n’áthair agus a máthair bás d’fhág siad cailín aimsire aca fa choinne saoghal sócalach a bhéith aca agus gan áird aca ar leatrom an tsaoghail.Ní rabh aon damhsa thoir nó thíar nach m’béadh an da dheirbhshiúr seo aige agus ba ghnáthach leis an cailín aimsire saoghal crúaidh a bheith aici ag giollacht agus ag deánadh achan rud a shásochadh an bheirt eile. Is iomdha sin uair a shúidh si síos ag bun an staighre sa chistinígh agus gur chaoin sí uisge a cinn. Is iomdha sin buaidhreadh a bhí uirthi mar fuair a máthair bás deich m’blíadhna roimhe sin. Bhí Ríogh na chómhnúidhe giota maith ar shiúbhal úatha agus bhí mac aige a rabh cliú mhór air mar gheall ar a áilneacht agus bhí mná óga na h’áite ar shiubhal na dhíaidh ach déirfeadh sé i gcómhnúidhe nar casadh air go fóill an bhean a bhí í ndán dó. Bhí bróg gloine ag an rígh agus thug(continues on next page)
- Informant
- Máire Ní Fhionnghaile
- Gender
- Female