Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)

Suíomh:
Mín an Chladaigh, Co. Donegal
Múinteoir:
Seán Mac Fhionnaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 189

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 189

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Chladaigh
  2. XML Leathanach 189
  3. XML “Donn Mhac A' Diarfach agus Dubh Mhac A' Diarfach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Diarfach 'na chomhnuidhe i Rosguill de dhream daoine saidhbhire agus thuit sé anuas i mboichtíneacht. Bhí sé pósta seal bliadhantach agus chá dtainig cúram cloinne ar bith air.
    D'éirigh siad chomh bocht is gur dhubhairt sé le na bhean lá amháin go n-imtheochádh siad leobhtha fríd an tír go bhfeicfeadh siad an dtiompóchadh ádh ar bith leó. Ar maidin lá thar na bharach d'imthigh an péire aca. Thainig siad go dtí crois-bhealaigh sul a dteachaidh siad i bhfad. Dubhairt seisean léithe "rachfaidh tusa bealach amháin agus mise bealach eile agus dhéanfaidh mé gealltanas leas caidé mar éireochas linn go gcastar ar a chéile annseo muid trí ráithche ó indiú.
    Bhal, shiubhal duine aca sior agus duine aca siar ag gabhal thart. Thug siad iarraidh na bhaile acht bhí seisean sa bhaile níos luaithe na ise. Chuaidh sé go dtí'n capall a d'fhág sé na dhiaidh agus bhí dhá shearrach aicí. Chuaidh sé go dtí'n cú
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Dubhgáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Seoladh
    Mín an Chladaigh, Co. Donegal